A chúlra féin: rugadh Joe, a dheartháir agus a dheirfiúr in Albain agus phill siad na bhaile in 1941 agus chónaí siad i gcúpla áit gur shocair siad i dTeileann. Chaith sé bliain i gColáiste Éinne i nGaillimh ach b’éigean do eirí as siocair gur bhris a shláinte air. I ndiaidh cúpla bliain fuair sé obair i dtigh Mhic Fhionnaile ar an Charraig sa tsiopa. Bhí siopa agus teach leanna faoin díon amháin agus chaith sé ocht mbliana agus fiche ag obair ansin. | 00:01:51 | |